Celtic Lyrics Corner > Artists & Groups > Lasairfhíona Ní Chonaola > An Raicín Álainn > Ar Bhruacha Na Laoi
|
Ar Bhruacha Na Laoi |
| Credits : | n/a |
| Appears On : | An Raicín Álainn |
| Language : | Gaeilge (Irish Gaelic) |
| Lyrics : | English Translation : |
| Nach brónach a bhí mise nuair a d'fhága mé an baile | How sad I was when I left home |
| Agus dúirt mé slán leatsa a dhíl Éirinn mo ghrá | And bade farewell to you, Ireland, my love |
| Gidh gur fhéach mé bheith súgrach, á, ba deorach mo shúile | Though I looked happy, my eyes were tearful |
| 'S mé a' scaradh óna chéile úd nach bhfeicfead go brách | Separated from you whom I'll never see again |
| Ag scaradh go brách, brách le cnoic agus gleannta | Separated forever, by hills and by valleys |
| Agus cathair dheas Chorcaí nach bhfeicfead arís | And never again see the beautiful city of Cork |
| Ag scaradh go deo, deo leis na cairde ba dhílse | Separated forever from faithful friends |
| Ó dhil-chairde m'óige ar bhruacha na Laoi | Oh faithful friends of my youth on the banks of the Lee |
| Nach minic a d'éiríodh grian lonrach na spéire | And many the times the bright sun of the skies would rise |
| Nach minic a bhuail sí faoi uiscí na dtonn | And many the times it would set under waves of water |
| Ó d'fhága mise an lá siúd mo mháithrín dhil Éireann | Since I left that day from my loyal mother Éire |
| Agus chuaigh mé thar sáile chun na tíre seo anonn | And went overseas to this land |
| Ach fós in mo chroí istigh tá cuimhne ar lasadh | And in my heart still there are memories still vivid |
| Ar maidin, iarnóin 's le titim na hoíche | In the morning, afternoon and at nightfall |
| 'S i m'aisling arís bím i gcónaí mo sheasamh | In my vision again I remain forever |
| Ar charraig fhíor m'óige ar bhruacha na Laoi | On the true rock of my youth on the banks of the Lee |